Ros an Mhíl, Contae na Gallaimhe
Turas farraige 45 nóiméad ó chéibh Ros an Mhíl i gContae na Gaillimhe go hInis Mór. Soláthraíonn báid farantóireachta Island Ferries seirbhís ar feadh na bliana. Breathnaigh ar a suíomh gréasáin le haghaidh amanna agus eolas .
Cathair na Gaillimhe
Seol ar sheirbhís Aran Island Ferries díreach go hInis Mór ó Dhuganna Chathair na Gaillimhe ar bord Saoirse na Farraige. Fágann an tseoltóireacht 90 nóiméad ó chroílár na cathrach, seolann sé trí chuan maorga na Gaillimhe agus ar aghaidh chuig chalafort Chill Rónáin. Cuir turas fillte in áirithe agus bain sult as Aillte an Mhothair a fheiceáil ó radharc uathúil ón uisce.
Dúlainn, Contae an Chláir
Nó, seol ó Dhúlainn sa Chlár go hOileáin Árann. Is iad Doolin Ferries an comhlacht atá ag cuir an tseirbhís se ar fail.
Aerfort Chonamara
Chun na radharcanna iontacha cois cósta a fheiceáil san aer, féach ar Aer Árann. Imíonn eitiltí ó Aerfort Chonamara in Indreabhán, turas 40 nóiméad ó Chathair na Gaillimhe.